Lampa sábhála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas a bhíodh in úsáid ag mianadóirí chun an gás pléascach meatán (gal mhianaigh) a bhrath. D'fhionn Humphry Davy é i 1815. Dá mbeadh aon mheatán i láthair, d'athródh cruth na lasrach, ach bhíodh ciseal dúbailte d'uige miotail timpeall uirthi a chuireadh bac ar adhaint an gháis. Faoi seo, lampaí leictreacha is mó a bhíonn in úsáid agus brathadóirí soladstaide gáis orthu.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lampa sábhála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 394.