Lampa ionduchtúcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lampa ionduchtúcháin

I mbolgán an lampa seo, bíonn gal mearcair faoi ísealbhrú, agus ionduchtaítear sruth ardmhinicíochta sa ghal seo le corna ionduchtúcháin taobh istigh den chlúdach gloine. Spreagann an sruth seo leictreoin sna móilíní mearcair, á n-ardú chuig fithiseáin (scealla) níos fuinniúla amach óna núicléis. Nuair a fhilleann na leictreoin ar a bhfithiseáin féin beagán níos déanaí, astaítear solas ultraivialait uathu. Imbhuaileann an radaíocht seo an fosfar fluaraiseach a chlúdaíonn taobh istigh na gloine, spreagann sé na leictreoin sa bhfosfar, agus beagán níos déanaí astaíonn siad siúd solas infheicthe. Is iad buntáistí na lampaí nua seo i gcomparáid le gnáthlampaí go mbeidh saol an-fhada acu, suas le 60,000 uair, timpeall 6 oiread shaol na ngnáthlampaí, go mbeidh siad níos éifeachtaí, ag soláthar níos mó solais de réir an fhuinneamh ionchuir leictrigh, agus nach mbeidh aon chomhábhar so-bhriste iontu ach amháin an clúdach gloine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lampa ionduchtúcháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 393.