Laiminíteas capaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarLaiminíteas capaill
Cineálhorse disease (en) Aistrigh agus bovine disease (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Athlasadh na struchtúr inmheánach i gcrúb an chapaill a chuireann tús le pian dhian. Bíonn céimeanna éagsúla déine ag an riocht, ag brath ar mhéid na neamhord imshruthaithe is/nó cnámh is bun leis. Tarlaíonn sé de ghnáth mar thoradh ar ghortú, ró-ithe, rómheáchan, strus, agus droch-chúram na gcrúb. Uaireanta, tarlaíonn sé de bharr tocsaeime nó galair phiotútaigh. Is gá cúram tréidliachta ar an riocht seo, chomh maith le crúite nua. Tarlaíonn sé d'ainmhithe eile le crúba freisin, agus is mór an galar é ó thaobh na heacnamaíochta de chomh maith le ó thaobh leas na n-ainmhithe.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Laiminíteas capaill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 392.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]