Laicear (crann)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann duillsilteach a fhásann go dtí 9 m ar airde. Dúchasach don tSín is an tSeapáin. Na duilleoga cleiteach le duilleoigíní ubhchruthacha; na bláthanna bídeach, le 5 pheiteal leathbhuí, i gcrobhaingí crochta. Tugtar an crann vearnaise air freisin. An roisín a fhaightear mar shúlach tar éis gearrthaí a dhéanamh sa ghas, is príomhchomhábhar é i laicear Síneach is Seapánach (laicear).