Jump to content

Laethanta na Bó Riabhaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bíonn lá na seacht síon ann go minic

Tugtar Laethanta na Bó Riabhaí (nó Laethanta Riabhacha) ar an dá lá deiridh de mhí an Márta, agus ar an gcéad lá d’Aibreán.[1] Bíonn lá na seacht síon ann go minic.

Deirtear nach mbíonn an geimhreadh thart go dtí go mbíonn na laethanta riabhacha thart. Tá scéal ag baint leis na laethanta sin. Bhí bó ann uair amháin agus chuaigh sí amach sna páirceanna, agus bhí macnas uirthi. Thosaigh sí ag rith agus dúirt sí: ‘Anois tá Márta bradach beagnach imithe’.

seanbhó

Ní raibh ach dhá lá fágtha ach bhí an dá lá eile go han-olc ar fad, le gaoth chrua agus sioc, agus sneachta ann an chéad lá d’Aibreán.

Fuair Márta lá ar cairde ón Aibreán, agus do bhain siad an craiceann den tseanbhó riabhach agus sin é an fáth a mbíonn 31 lá i mí Márta, mar níor thug Márta an lá ar ais riamh do mhí Aibreáin, mar sin níl ach tríocha lá i mí Aibreáin.[1]

Leagan eile den scéal:

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó bhí an Márta caite rinne an tseanbhó riabhach gairdeas; "Lean ort a Mhárta." a deir sí, "tá an geimhridh curtha dhíom anois agam agus mairfidh mé bliain eile." Ní mó ná sásta a bhí an Márta leis an scéal seo, agus d'iarr sé trí lá ar iasacht ón Aibreán. Shéid gaoth an Mhárta go fuar feannaideach an chéad lá gur chuir sí an tseanbhó ar a glúine; ghéaraigh sé ar an bhfuacht an dara lá gur cuireadh an bhó go talamh; níor loic an Márta an tríú lá agus fágadh an bhó mín marbh mar a raibh sí.

An scéal ar Dúchas.ie

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí seanbhó riabhach ann agus do bhí sí go lom agus go tarraingthe tar éis an gheimhridh, agus é faighte go dóite aici ón drochaimsir.[2] Ach an uair a bhí sé ag teannadh le deireadh an Mhárta, bí an-áthas ar an tseanbhó riabhach, an lá a bheith faighte ar an nGeimhreadh aici, agus dúirt sí leis an Márta a dhícheall a dhéanamh.

Dhá lá den Mhárta a bhí gan chaitheamh, agus do shéid sé gaoth mhór agus sneachta, sioc agus báisteach an dá lá sin nó gur fhóbair go gceiliúrfadh an tseanbhó.

Pé scéal é, ní foláir nó bhí sí righin, mar sheas sí amach an dá lá sin, agus bhí ardríméad uirthi an tAibreán do bheith chuici. Ach cad a rinne an Márta ach lá do lorg ar iasacht ón Aibreán, agus do lean an drochaimsir ar an tríú lá, agus cailleadh an tseanbhó riabhach bhocht an lá sin leis an bhfuacht agus an anfa.

Leagan eile[3], agus scéal eile.[4]

  1. 1.0 1.1 Máire Ní Fhinneadha (1 Aibreán 2019). "Laethanta na Bó Riabhaí amach romhainn agus dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-27.
  2. "Laethanta na Bó Riabhaí" (ga). dúchas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-01. Dáta rochtana: 2020-11-29.
  3. Máire Ní Fhinneadha (31 Márta 2020). "Tagann laethanta na bó riabhaí san Earrach agus is iontach na scéalta atá le hinsint ina dtaobh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-27.
  4. Máire Ní Fhinneadha (12 Márta 2021). "Ó DHÚCHAS: Márta gágach garbh gaothach gangaideach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-27.