L-DOPA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clé-dopa, C9H11NO4, déhiodrocsaifeiniolalainín, díorthach catacóil ó phlandaí, atá in ann coimpléisc láidre a dhéanamh le miotail. Úsáidtear é i gcóireáil ar dhaoine le galar Parkinson, agus laghdaíonn sé na siomtóim i 65% de na cásanna. Tuairiscíodh go luath tar éis a thabhairt isteach sna 1970idí gur fheabhsaigh sé an libídeo fireann i mionlach na n-othar, ach meastar nár de bharr an druga ach de bharr an fheabhsaithe sna hothair é sin, agus is cinnte go bhfuil sé neamhéifeachtach mar afraidíseach.