Líne Mason-Dixon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An teorann idir stáit Pennsylvania is Maryland a tharraing beirt réalteolaithe Briotanacha, Charles Mason (1730-1787) agus Jeremiah Dixon (1733-1779), i 1763-1767. Thugtaí réaltstánaithe ar an mbeirt ag an am. Glactar leis an líne mar theorainn idir tuaisceart is deisceart na Stát Aontaithe.