Léon Rosenfeld
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fisiceoir Beilgeach ab ea Léon Rosenfeld (14 Lúnasa 1904- 23 Márta 1974[1]). Bhain sé PhD amach ag Ollscoil Liège sa bhliain 1926, agus bhí sé ina chomhoibritheoir leis an bhfisiceoir Niels Bohr. Rinne sé luath-obair ar an leictridinimic chandamach dhá scór bliain roimh an obair a bhí ar siúl ag Dirac agus Bergmann[2]. Cheap sé an t-ainm "leaptón"[3] sa bhliain 1949. Bronnadh an Prix Francqui air, duais cháiliúil scolártha agus eolaíochta na Beilge.
Tagairtí [athraigh]
- ↑ Léon Rosenfeld’s Marxist defense of complementarity, le Anja Skaar Jacobsen
- ↑ "Leon Rosenfeld and the challenge of the vanishing momentum in quantum electrodynamics", le Donald Salisbury
- ↑ Rosenfeld, Léon (1948). Nuclear Forces. Interscience Publishers, New York, xvii.
Leabharliosta [athraigh]
- Niels Bohr agus Léon Rosenfeld; Zur frage der messbarkeit der electromagnetischen feldgrossen, Kgl. Danske Videnskabernes Selskab Mat.-Fys. Medd. 12 (1933) 8.
- Féach freisin: Niels Bohr et Léon Rosenfeld ; Field and Charge Measurements in Quantum Electrodynamics, Physical Review 78 (1950) 794.
- Abraham Pais; Niels Bohr's times, in physics, philosophy, and polity, Oxford University Press (1991) ISBN 0-19-852048-4
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Léon Rosenfeld |
