Léon Foucault

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jean Foucault

Fisicí a rugadh agus a d'éag i bPáras ab ea Jean Bernard Léon Foucault (18 Meán Fómhair 181911 Meán Fómhair 1868). Rinne sé luas forleata an tsolais a thomhas, d'fhionn an gíreascóp (1852), agus d'fheabhsaigh na scátháin i gcomhair teileascóp frithchaiteach. Cheap sé luascadán Foucault i 1851, atá in ann luascadh i dtreo ar bith ionas go rothlaíonn plána an luasctha de réir mar a rothlaíonn an Domhan ar a ais i rith an lae. Dá mbeadh an luascadán seo ag an Mol Thuaidh nó an Mol Theas, rothlódh an plána rothlaithe trí 360° i 24 uair. Ag an meánchiorcal, ní rothlódh an plána in aon chor. Ag aon domhanleithead eile, tharlódh rothlú rud éigin idir an dá fhoirceann seo. Bhain Foucault feidhm as an luascadán chun a chruthú go rothlaíonn an Domhan ar a ais.