Cath Jadotville
Géarchéim an Chongó | |
---|---|
Cineál | léigear agus coinbhleacht |
Dáta | 17 Meán Fómhair 1961 |
Comhordanáidí | 10° 59′ 00″ S, 26° 44′ 00″ E / 10.98333°S,26.73333°E |
Áit | Likasi |
Tharla Cath Jadotville (nó Léigear Jadotville) ar 13-18 Meán Fómhair 1961, le linn idirghabhála na Náisiún Aontaithe i gcoinbhleacht Katanga i gCongo-Léopoldville, san Afraic Láir, inniu Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Bhí Óglaigh na hÉireann ar dualgas síochánaíochta leis na Náisiúin Aontaithe. Ba é an chéad uair riamh a cuireadh saighdiúirí armtha de chuid na hÉireann i mbun dualgas síochánaíochta thar lear.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é seo an eachtra is mó a bhfuil clú agus cáil anois uirthi ón tréimhse a chaith saighdiúirí na hÉireann sa Chongó. Bhí 157 saighdiúir ó Chomplacht A in Arm na hÉireann lonnaithe in Jadotville (tugtar Likasi air inniu) nuair a d’ionsaigh 3,000 saighdiúir ó fhórsaí Katanga iad. Cé go raibh buntáiste suntasach ag an bhfórsa sin, throid saighdiúirí na hÉireann go diongbháilte chun iad féin a chosaint.[2]
Mharaigh na Óglaigh 300 saighdiúir ó arm Katanga. Níor maraíodh oiread is saighdiúir amháin ó Chomplacht A.
Mhair an léigear ar feadh seachtaine go dtí go raibh armlón na nÉireannach ídithe. Faoi dheireadh ghéill an Coirnéal Pat Quinlan. [2]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhág an misean sa Chongó lorg tromchúiseach ar chuimhne an airm. D’ainneoin an ghaisce a bhí déanta acu, níor tugadh aitheantas oifigiúil do shaighdiúirí Chomplacht A go dtí an bhliain 2017.[2]
Sna meáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scannán staire Éireannach-Afraiceach Deisceartach ón mbliain 2016 é The Siege of Jadotville arna dhíriú ag Richie Smyth.[3] Kevin Brodbin a scríobh an script.[4] Tá an scannán bunaithe ar leabhar le Declan Power dar theideal The Siege at Jadotville: The Irish Army's Forgotten Battle (2005), faoin bpáirt a bhí ag aonad d'Arm Phoblacht na hÉireann i misean coimeádta na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó i mí Meán Fómhair na bliana 1961.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Oibríocht na Náisiún Aontaithe sa Chongó
- Poblacht Dhaonlathach an Chongó
- Eachtra Niemba, 1960
- The Siege of Jadotville (scannán)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ flickr.com / Óglaigh na hÉireann (1960-07-01). "On duty in the Congo".
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-05-31). "Teastas bronnta inniu ar shaighdiúirí a throid i gCath Jadotville" (as ga-IE).
- ↑ "The Siege of Jadotville (2016)".
- ↑ "The Siege of Jadotville" (2016). Rotten Tomatoes. Dáta rochtana: October 9, 2016.
- ↑ "28th Galway Film Fleadh - July 2016 - The Siege of Jadotville". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Samhain 2017. Dáta rochtana: 24 Eanáir 2018.