Kurt Alder

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí orgánach a rugadh i Chorzów na Polainne (Konigshütte na Gearmáine ag an am) ab ea Kurt Alder (10 Iúil 190220 Meitheamh 1958). I gcomhar le Otto Diels, d'fhionn sé an t-imoibriú éasca idir olaifín gníomhachtaithe is dí-éin chun struchtúr cioglach le steiréiceimic inréamhinste a tháirgeadh, a dtugtar imoibriú Diels-Alder air anois, agus a tháinig le bheith an-suntasach sa cheimic orgánach shintéiseach. Bhuaigh siad Duais Nobel sa cheimic i 1950 as an saothar seo.