Kristján Eldjárn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kristján Eldjárn
Kristján Eldjárn

Uachtarán na hÍoslainne
Príomh-aire: Benediktsson, Hafstein, Jóhannesson, Hallgrímsson, Gröndal, Thoroddsen
I bhfeidhmeannas: 19681980
Réamhtheachtaí: Ásgeir Ásgeirsson
Comharba: Vigdís Finnbogadóttir

Dáta breithe: 6 Nollaig, 1916
Áit bhreithe: An Íoslainn
Dáta báis: 14 Meán Fómhair, 1982
Áit bháis: Cleveland, Ohio, SAM
Céile: Halldóra Eldjárn
Páirtí polaitíochta:

Tríú uachtarán na hÍoslainne ab ea é Kristján Eldjárn (6 Nollaig 1916 - 14 Meán Fómhair 1982). Rinne sé staidéar san Ollscoil Cóbanhávan agus Ollscoil na hÍoslainne i Réicivíc. Bhain sé céim seandálaíochta amach sa bhliain 1957, agus bhí sé ina stiúrthóir le Músaem Náisiúnta na hÍoslainne idir 1947 agus 1968. Fuair sé post leis an stáisiún teilifíse nua RÚV idir 1966 agus 1968, ag cur i láthair cláir oideachais.

Toghadh Kristján ina uachtarán i 1968, agus bhuaigh sé na toghcháin i 1972 agus 1976 chomh maith. Níor ghlac sé páirt sa toghchán i 1980, agus chaith sé na blianta a bhí fágtha aige ag staidéar arís. Cailleadh é i 1982.

Scríbhneoir rathúil is é a mhac Þórarinn Eldjárn.