Kobe
| Kobe 神戸市 (Kōbe-shi) |
|
Ag bogadh ón bharr ar chlé: Calafort Kobe, Droichead Akashi Kaikyō, Kitano-chō, Ceantar Síneach Kobe, radharc oíche ó Kikuseidai ar Mt. Maya, Túr Calafoirt Kobe |
|
|---|---|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Ceantar: | Kansaí |
| Méara: | Tatsuo Yada |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 552.26 km² |
| Daonra: | 1,545,410 |
| Dlús daonra: | 2,800/km² |
| http://www.city.kobe.lg.jp/foreign/english/ | |
Is í Kobe (神戸市, Kōbe-shi) an cúigiú cathair is mó sa tSeapáin, agus is í príomhchathair Maoracht Hyogo. Tá sí suite thartfá 30km siar de Ósaca ar an taobh ó dheas de Honshū, príomh-oileán na Seapáine. Tá daonra de 1.5 milliún sa chathair, agus is cuid den cheantar uirbeach Keihanshin í, in éineacht le Ósaca agus Kyoto.
Luaítear an ceantar i dtaifead scríofa don chéad uair san Nihon Shoki, ina bhfuil bunú Scrín Ikuta ag Banimpire Jingū in 201 CR curtha in iúl. Ní raibh an ceantar ina slánaonad le linn bunús na staire, fiú le linn an Ré Tokugawa, nuair a bhí an calafort faoi rialú díreach an Seogain Tokugawa. Ní raibh Kobe ann mar atá sé inniu roimh a bunú in 1889.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.