Kithara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilKithara
Cineálbox lyre (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs321.22
Kithara á sheinm ag Apollo Musagetes

Is éard is kithara ann ná gléas ceoil ársa, cosúil le lir ach níos mó. Bhí athshonadóir adhmaid (dronuilleogach de ghnáth) mar bhun, dhá ghéag chuasacha ag teacht suas uaidh is iad ceangailte le trasnán ag a mbarra. Bhí 3-11 téad ag rith ón trasnán síos go bun an athshonadóra. Bhaintí na téada le figín. Bhíodh athshonadóir na líre déanta as blaosc toirtíse.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Kithara". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.