Kings (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kings
Póstaer 'Kings'.jpg
Póstaer an scannáin
Stiúrthóir Tom Collins
Léiritheoir Tom Collins
Jackie Larkin
Scríbhneoir Jimmy Murphy
Tom Collins
Aisteoirí Colm Meaney
Donal O'Kelly
Brendan Conroy
Donncha Crowley
Ceol le Pól Brennan
Dáileadh ag High Point Film & Television
Eisiúint 21 Meán Fómhair, 2007
Fad reatha 88 nóiméad
Tír Éire
Teanga Gaeilge, Béarla
highpointfilms.co.uk/kings

Scannán Éireannach agus dátheangach ón mbliain 2007 is ea Kings, faoi stiúir Tom Collins. Tá an scannán bunaithe ar an dráma le Jimmy Murphy, The Kings of the Kilburn High Road. Déantar cur síos ar scéal scata cairde as Conamara a bhuaileann le chéile arís ag sochraid duine dá ngrúpa, 30 bliain tar éis dóibh dul ar imirce go Sasana.

Scéal[athraigh | edit source]

Gabhann scata fear óg ar imirce ó Chonamara go Sasana i lár na 1970idí, agus iad go huaillmhianach ar thóir beatha níos fearr. Bhí siad lena saibhreas a dhéanamh agus le filleadh ar an mbaile arís.

Buaileann siad le chéile arís, tríocha bliain níos déanaí ag sochraid an charad ab óige acu, Jackie. Is i gcónra a fhilleann Jackie agus bailíonn a chairde ag an tórramh.

Tá athrú mór ar an saol agus orthu féin ón gcéad lá a ndeachaigh siad ar a mbád bán[1]. "D’fhéadfadh muid a bheith mar kings” is iad na focail deireanach.

Gradaim[athraigh | edit source]

Roghnaíodh é mar iarrthóir na hÉireann le haghaidh chatagóir an scannáin is fearr i dteanga eachtrannach, i nGradaim an Acadaimh, 2008, cé nár éirigh leis a chraobh a thabhairt leis ar deireadh.[2] Ach d'éirigh leis cúig ghradam IFTA a bhuachan sa bhliain chéanna.[3]

Foireann Aisteoirí[athraigh | edit source]

Is iad Colm Meaney, Brendan Conroy agus Donal O'Kelly na príomhaisteoirí

Aisteoir Ról[4]
Colm Meaney Joe Mullan
Donal O'Kelly Jap Kavanagh
Brendan Conroy Git
Donncha Crowley Shay
Barry Barnes Máirtín
Christopher Greene Jap Jnr

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]