Khatgal (Khövsgöl)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKhatgal
Хатгал сум (mn)
ᠬᠠᠳᠭᠠᠯ ᠰᠤᠮᠤ (mn) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 50°26′22″N 100°09′42″E / 50.4394°N 100.1617°E / 50.4394; 100.1617
Stát ceannasachan Mhongóil
Cúigí na MongóileKhövsgöl
SumAlag-Erdene Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinkhatgal.khs.gov.mn Cuir in eagar ar Wikidata

Is sráidbhaile é Khatgal (Mongóilis: Хатгал) atá suite sa Mhongóil. Tá an sráidbhaile seo ar bhruach theas Loch Khövsgöl. Tá aerstráice agus port beag in Khatgal, chomh maith le scoil agus oifig poist / teileachumarsáide.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Khatgal sa bhliain 1727 mar champa de chuid chóras cuaille faire na Mongóile. Faoin mbliain 1910, bhí áit lonnaithe bheag tar éis forbartha ann, go formhór mar gheall ar trádáil leis an Rúis. Sa bhliain 1914, bunaíodh ceangal teileagraif a ritheadh ón mbaile Rúiseach Mondy go dtí Uliastai via Khatgal, agus sa bhliain 1921 bhí timpeall 150 lonnaitheoirí ina gcónaí ann.

Sa bhliain chéanna, bhí Khatgal mar lárionad riaracháin sa réigiún. Sa bhliain 1931 bhí Khatgal mar lárionad ar an Aimag (Cúige) nua a bhí bunaithe, Khövsgöl, ach sar i bhfad, sa bhliain 1933, bogadh an rialtas riaracháin go Mörön.

Bhí timpeall 7.000 áitritheoir, chomh maith le gléasra cumhachta sa bhaile sa bhliain 1990, ach tá méadú tar éis tagtha ar an ráta imirce de dheasca dhúnadh bhealaigh iompair agus mhonarcha olla áitiúil. Mar sin, sa bhliain 1994 bhí 3.756 áitritheoirí sa bhaile agus dar leis an daonáireamh a rinneadh sa bhliain 2000, ní raibh ach 2.498 áitritheoirí ina gcónaí sa bhaile. Dar leis an meastachán oifigiúil is déanaí, tá 2.796 duine ina gcónaí in Khatgal (31 Mí na Nollag, 2006[1] Curtha i gcartlann 2008-05-28 ar an Wayback Machine). Chaill Khatgal a stádas mar bhaile, leis, agus sa lá atá inniu ann tá sé mar chuid de Sum Alag-Erdene ó thaobh riaracháin. Sa bhliain 2007, nascadh Khatgal le láreangach cumhachta na Mongóile agus le seirbhísí fóin phóca.

Rugadh Teachta Parlaiminte Mongólach agus iar-Aire Sláinte, Lamjavyn Gündalai, in Khatgal.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó tharla go bhfuil Khatgal suite in áit oiriúnach do na campaí ger a bhfuil timpeall chósta thiar Loch Khövsgöl, is í turasóireacht ceann de phríomhbhrainsí an gheilleagair áitiúil. Cuireadh foirgneamh aerfoirt nua i gcrích sa bhliain 2007 [2]. Tá an sráidbhaile liostaithe i sceideal baile MIAT Mongolian Airlines.

Ceantair (Sum) Khövsgöl
Alag-ErdeneKhatgalArbulagBayanzürkhBürentogtokhChandmani-ÖndörErdenebulganGaltKhankhIkh-UulJargalantMörönRashaantRenchinlkhümbeShine-IderTarialanTömörbulagTosontsengelTsagaannuurTsagaan-UulTsagaan-ÜürTsetserlegTünelUlaan-Uul
Bratach Khövsgöl
Bratach Khövsgöl