Kevin Nolan
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Kevin Nolan | ||
|---|---|---|
| Eolas pearsanta | ||
| Dáta breithe | 24 Meitheamh 1982 | |
| Áit breithe | Learpholl, Sasana | |
| Club reatha | ||
| Club | Bolton Wanderers F.C. | |
| Suíomh | 4 | |
| Foirne mar imreoir | ||
| 1999- | Bolton Wanderers F.C. | |
Is iarpheileadóir do Shasana faoi-21 é Kevin Nolan (rugadh 24 Meitheamh, 1982 i Learpholl). Imríonn sé faoi láthair mar chaptaen do Bolton Wanderers F.C., sa Premier League.
[athraigh] Slí Bheatha
Tógadh Nolan i gclann sacair, agus bhí sé ag iarraidh a bheith ina pheileadóir nuair a bhí sé óg. Sula raibh fiú 14 bhliana d'aois aige, bhí sé ag imirt d'fhoireann gasúir scoile Chathair Learpholl. Mar pháiste, threisigh sé le Liverpool F.C., ach bhí na himreoirí ab fhearr leis ná Eric Cantona agus Lee Sharpe as Manchester United.
D'iarr cara dá chuid air chun dul go dtí seisiún fhoireann óige Bolton, agus go luath, bhí sé leis an gclub. Nuair a bhí sé 16 bhliana d'aois, fuair sé conradh bliain go bliain, ag an am nuair a bhí an acadamh Bolton ag oscailt. Nuair a bhí sé 17 mbliana d'aois, fuair sé conradh gairmiúil agus d'imir sé a chéad chluiche leis an bhfoireann sinsear.
Ina chéad séasúr agus é ag imirt sa Premier League (2001-02), fuair sé ocht gcúil, an dá cheann a fuair sé in aghaidh Leicester ar an chéad lá san áireamh. An séasúr ina dhiaidh sin, fuair sé aon chúl amháin sa chluiche in aghaidh Manchester United F.C. in Old Trafford. Chonaic daoine Alex Ferguson ag scabhta Nolan.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.