Kazimir Severinovich Malevich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir a rugadh i gCív na hÚcráine ab ea Kazimir Severinovich Malevich (1878-1935). Le Mondrian, ina cheannródaí luath ar an teibíocht íon san ealaín. Bhunaigh sé an ghluaiseacht uachtaraíoch sa Rúis timpeall 1913. Bhí an ealaín nua-aoiseach seo bunaithe ar 4 chruth simplí: an dronuilleog, an ciorcal, an triantán, is an chrois. Léirigh sé íonacht aestéitiúil na gluaiseachta nuair a phéinteáil cearnóg bhán ar chúlionad bán.