Katie Taylor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKatie Taylor

Katie Taylor sa bhliain 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Iúil 1985
38 bliana d'aois
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Airde165 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdornálaí, imreoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdornálaíocht
sacar Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtéadrom-mheáchan Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtIonsaitheoir
Conair
  Foireann Comórtas
- Peamount United (en) Aistrigh
- St Catherine's L.F.C. (en) Aistrigh
- St James's Gate F.C. (en) Aistrigh
2006-2009  Foireann sacair ban Phoblacht na hÉireann 11 Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2012boxing at the 2012 Summer Olympics – women's lightweight (en) Aistrigh  (bonn óir Oilimpeach) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairPete Taylor

Suíomh gréasáinkatietaylor.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2513572 Facebook: KatieTaylorBoxing Twitter: KatieTaylor Instagram: katie_t86 Olympic.org: katie-taylor FIFA: 264962 Cuir in eagar ar Wikidata

Is dornálaí Éireannach í Katie Taylor, ó Bhré i gContae Chill Mhantáin[1] (a rugadh ar 2 Iúil 1986). Bhuaigh sí bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Londain sa bhliain 2012 agus bhain sí curadh an domhain amach sa rannóg éadrom-mheácháin na mban don chéad uair sa bhliain 2018.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Katie Taylor ag dornálaíocht, agus í 12 bliain d’aois. Ba ag Craobhchomórtas Eorpach na nAmaitéarach 2006, san Iorua, a fuair sí a céad bhua thábhachtach. Bhuaigh sí an bonn óir ag an aicme éadrom-mheáchan 60kg. Níos déanaí sa bhliain sin, ag Craobhchomórtas Dhomhan na nAmaitéarach, i bPodolsk na Rúise, shroich Katie Taylor na babhtaí ceathrú ceannais san aicme 60kg.

Ag Craobhchomórtas Eorpach na n-amaitéarach, in Warszawa na Polainne, bhuaigh Taylor a dara bonn óir i ndiaidh a chéile. Stop sí an curadh domhanda reatha, Tatiana Chalaya as an Rúis. Bronnadh duais don dornálaí is fearr sa craobhchomórtas uirthi freisin.

Taylor i Londain, 2012

Ag Craobhchomórtas Dhomhan na n-amaitéarach sa bhliain chéanna, i nDeilí Nua na hIndia, fuair sí an ceann is fearr ar Chalaya arís sa bhabhta leathcheannais agus ar Annabella Farias na hAirgintíne sa chluiche ceannais 60kg. Sa bhliain 2007, bhuaigh sí Teideal Chraobhchomórtas Eorpach na n-amaitéarach don tríú bliain as a chéile.

Cluichí Oilimpeacha, 2012

Lean Katie ar aghaidh chun a dara teideal domhanda a bhuachan ag Craobh Domhanda na mBan sa Dornálaíocht, i Samhain, ag Ningdo sa tSín. Fuair sí an ceann is fearr ar ar Cheng Dong na Síne sa chluiche ceannais.

Ar 21 Márta 2009, ag an O2 i mBaile Átha Cliath, bhuaigh sí 27-3 in aghaidh sheaimpín Phan-Mheiriceánach Caroline Barry óna Stáit Aontaithe, ar fho-chárta Bernard Dunne agus Ricardo Cordoba. Ag labhairt tar éis na troda, dúirt Taylor go ndearna an fáilte a cuireadh roimpi ón lucht leanúna Éireannach staic di. Dúirt sí, “níor chreid mé an fáiltiú a fuair mé!”

Ar 18 Meán Fómhair 2010, ní gan dua a bhuail Taylor a tríú craobh dhomhanda as a chéile ag Craobh Domhanda na mBan i mBarbadós, agus Cheng Dong na Síne arís sa chluiche ceannais.

Bhuaigh Katie  bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i 2012.

2016 ar aghaidhː dornálaí gairmiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Taylor ina cheann go gairmiúil nuair a bhí sí tríocha bliain d'aois, sa bhliain 2016 (le Matchroom Sport).

Theip uirthi troid a bhuachan don chéad uair le cúig bliana anuas i gcoinne Yana Alekseevna na hAsarbaiseáine ar 15 Aibreán 2016.[2]

I mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí an bua ag Katie ar Anahi Esther Sanchez. Throid sí ar son chraobh an domhain i Caerdydd (an phríomhchathair sa Bhreatain Bheag).[3]

Ar 27 Aibreán 2018 i Nua-Eabhrac, bhuaigh sí an Chraobh Dhomhanda san IBF (International Boxing Federation) – agus curadh domhanda sa WBA (World Boxing Association) í cheana féin.

Ar 30 Aibreán 2022, fuair Taylor an ceann is fearr ar a céille comhraic, Amanda Serrano, sa bhabhta dornálaíochta i Madison Square Garden. D'fhág bua na hoíche sin sa Chraobh Éadrom Mheáchan Domhanda gurb í Taylor an curadh domhanda i gcónaí.[4] Léirigh Taylor teacht aniar leis an troid a bhuachan ar phointí agus bean Phuerto Rico a chloí. Bhí moltóir amháin a bhronn an troid ar Serrano, ach thaobhaigh an bheirt eile le Taylor.

Ba í an chéad uair riamh a raibh troid idir beirt bhan ar an bpríomhimeacht sa gcró dornálaíochta iomráiteach sin i Nua-Eabhrac, Madison Square Garden.[4] D’fhéach 1.5 milliún duine ar an troid.[5]

2023[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill Taylor in aghaidh an tSasanaigh, Chantelle Cameron, i mí Bealtaine 2023, an chéad uair a tharla sé sin ina saol mar dhornálaí gairmiúil. Roimhe sin, bhí 22 troid as a chéile buaite aici. Bhí ráflaí ag dul thart ag an am go raibh gortú ag cur as di. Ach bhí Cameron thar a bheith diongbháilte san fháinne ag an am céanna.[6]

Chas Taylor arís le Cameron sa 3Arena, BÁC ar 25 Samhain 2023 agus an bua aici. Chaill Cameron na criosanna uilig a bhí aici. Bhí Taylor 37 bliana d’aois ag an am.

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar imreoir sacair, d'imir Taylor le foireann náisiúnta na mban.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1.   Eleathanach 274, 21 Deireadh Fómhair 2017
  2. Nuacht RTÉ (2016-04-15). "Katie Taylor na hÉireann buailte" (as ga). 
  3. ELeathanach 293, 30 Aibreán 2018
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2022-05-01). "Katie Taylor buacach i 'Madison Square Garden'" (as ga). 
  5. Maynooth University (Bealtaine 2022). "Eleathanach 411". www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2022-05-07.
  6. "Katie: Níl mé ag cailleadh dhá throid as a chéile" (en). Independent.ie (2023-11-22). Dáta rochtana: 2023-11-28.