Karl Guthe Jansky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir raidió a rugadh i Norman, Oklahoma ab ea Karl Guthe Jansky (1905-1950). I 1932 rinne sé fionnachtain bhunúsach, go raibh tonnta raidió ag teacht ón spás. D'éascaigh sí seo forbairt na radairéalteolaíochta sna 1950idí. Le fada anois, tugtar an radaíocht chosmach ar na tonnta raidió seo.