Karl Friedrich Benz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir is déantóir gluaisteán a rugadh i gKarlsruhe na Gearmáine ab ea Karl Friedrich Benz (1844-1929). Thóg sé a chéad inneall dé-bhuille i 1879, agus bhunaigh monarcha déanta inneall. Thóg sé a chéad gluaisteán, ceann de na feithiclí peitril is luaithe dá raibh ann, i 1885.