Karl Barry Sharpless

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Philadelphia is ea Karl Barry Sharpless (1941-). Le Ryoji Noyori is William Knowles, bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic i 2001 as saothar ar chatalú ciriúil chun drugaí croí, frithbheathaigh, is drugaí frithathlasta a fheabhsú go mór. D'fhorbair sé modh simplithe iontaofa chun comhdhúile cógaseolaíochta a shintéisiú, a dtugtar cniogcheimic air.