Kamloops

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKamloops

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 50°40′34″N 120°20′28″W / 50.6761°N 120.341°W / 50.6761; -120.341
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaColóim Bhriotanach
Regional district in British Columbia (en) AistrighThompson-Nicola Regional District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán97,902 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús327.18 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla299.23 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Thompson, South Thompson River (en) Aistrigh agus North Thompson River (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde345 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1811
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinkamloops.ca Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i ndeisceart na Colóime Briotanaí, Ceanada is ea Kamloops. Tá an baile i ngleann na hAbhann Thompson, 370 ciliméadar thoir-thuaidh ó Vancouver, agus é suite ar Mhórbhealach Cheanada. Fuair daonáireamh na bliana 2006 80,376 duine ina gcónaí in Kamloops.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Kamloops san áit a dtagann dhá chraobh na hAbhann Thompson le chéile, mar atá an Abhainn Thompson Thuaidh agus an Abhainn Thompson Theas. Tá Loch Kamloops ar an taobh thiar den chathair. Bíonn an aeráid séimh i gceantar Kamloops. Faigheann an chathair 2,500 uair de sholas gréine sa bhliain agus gan ach beagán báistí (330 ml sa mhí). Ní bhíonn mórán laethanta seaca ann. Fásann cachtais agus an scuab sáiste ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Kamloops agus na hEorpaigh ag taiscéaladh iarthar Cheanada san 19ú haois. Éireannach darbh ainm John O’Connor an chéad duine le dul chun cónaí san áit. Tháinig daoine eile, Béarlóirí agus a líonta tí sa chuid ba mhó, ina dhiaidh, agus de réir a chéile d’fhás pobal ann. Díorthaíodh an t-ainm Kamloops ó "Tk'əmlúps", focal sa teanga Indiach Shuswup a chiallaíonn 'teacht le chéile na n-uiscí'.[1] Tá caomhnú Shuswup ar chríoch thuaidh na cathrach, agus labhraítear Shuswup sa cheantar i gcónaí.

Kamloops cois Thompson, 1887. Tá galbhád agus Iarnród an Canadian Central Pacific le feiceáil i réamhionad an ghrianghraif.

Comhchathracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Uji, An tSeapáin

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tk'emlúps Indian Band, Tk'emlúps History, 2011. Arna rochtain ar 13-07-2012.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]