Jules Dumont d'Urville

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jules Dumont d'Urville.

Ba thaiscéalaí Francach é Seach-Aimiréal Jules Sébastien César Dumont d'Urville (23 Bealtaine 1790, Condé-sur-Noireau8 Bealtaine 1842, Meudon), a thaiscéal an tAigéan Ciúin deisceartach, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Antartaice.

Saol[athraigh | edit source]

B'é d'Urville a tháinig ar an Venus de Milo le linn a thaiscéaladh go dtí na hOileáin Gréagacha sa bhliain 1820. Tá an dealbh le feiceáil inniu san Louvre i bPáras. Sheol sé timpeall an domhain i 1822 faoi cheannas an Chaptaein Louis Isidore Duperrey, agus bhailigh sé a lán plandaí agus ainmhithe a thóg sé abhaile leis.

L'Astrolabe, long d'Urville ar 6 Feabhra, 1838.

Sa bhliain 1826 chuaigh sé go dtí an tAigéan Ciúin, agus scrúdaigh sé Nua-Ghuine, an Nua-Shéalainn agus roinnt oileáin eile atá sa réigúin seo agus ar a dtugtar an Aigéine sa lá atá inniu ann. B'eisean a chum na téarmaí an Mhicrinéis agus an Mheilinéis i rith an turais sin. Chuaigh sé ar thuras go dtí Antartaice sa bhliain 1837, agus thug sé an t-ainm Cósta Adélie ar réigiún atá ansin, tar éis a bhean chéile. D'fhill d'Urville abhaile sa bhliain 1840, agus rinneadh seach-aimiréal de.

Cailleadh d'Urville agus a bhean chéile i dtimpiste iarnróid i Meudon na Fraince sa bhliain 1842. Tá sé curtha i Cimetière du Montparnasse, reilig i bPáras. Is measc na háiteanna a ainmníodh tar éis d'Urville tá an Mhuir d'Urville agus Oileán d'Urville san Antartaice, agus Cape d'Urville, Irian Jaya (san Indinéis, ar an oileán Nua-Ghuine), agus tOileán D'Urville sa Nua-Shéalainn.