Juan Pablo Duarte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Juan Pablo Duarte y Díez
Juan pablo duarte diez.jpg
Dáta breithe 26 Eanáir, 1813
  Santo Domingo
Dáta báis 15 Iúil, 1876
  Caracas, Veiniséala
Náisiúntacht Doiminiceach
Iomráiteach do Gníomhaí polaitiúil Doiminiceach

Liobrálach, fear físe agus gníomhaí polaitiúil Doiminiceach ab ea Juan Pablo Duarte Díez (26 Eanáir 1813, Santo Domingo, - 15 Iúil 1876, Caracas, Veiniséala). Breathnaítear air mar dhuine de bhunaitheoirí na tíre ar a dtugtar an Phoblacht Dhoiminiceach inniu. Bhí sé ina cheannaire ar eagraíocht pholaitiúil agus mhíleata, La Trinitaria, a cruthaíodh le troid ar son na saoirse nuair a bhí forlámhas ag Háítí ar oileán uile na hEaspáinneola i Muir Chairib.

Mhair a smaointe daonlathacha fiú nuair a ghabh deachtóirí éagsúla ceannas sa tír.