José Rizal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosé Rizal

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es-419) José Protasio Rizal-Mercado y Alonso-Realonda
19 Meitheamh 1861
Calamba (Impireacht na Spáinne)
Bás30 Nollaig 1896
35 bliana d'aois
Manila (Impireacht na Spáinne)
Siocair bháisPionós an bháis (Tráma balaistíoch)
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaLiobrálachas claisiceach, Filipino nationalism (en) Aistrigh, radacachas agus neamhfhoréigean
ReiligiúnAn Eaglais Laidine
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ateneo de Manila
Ollscoil Heidelberg
Ollscoil Complutense
University of Santo Tomas (en) Aistrigh
University of Santo Tomas Faculty of Medicine and Surgery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, filíocht, eye surgery (en) Aistrigh, oftailmeolaíocht, míochaine, polaitíocht, gluaiseacht neamhpleáchais agus teangeolaíocht
Gairmscríbhneoir, file, máinlia, dochtúir leighis, polaiteoir, gníomhaí polaitiúil, oftailmeolaí, péintéir, teangeolaí, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtPropaganda Movement (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidOtto Heinrich Enoch Becker
Mac/iníon léinnJosé Dalmán
Ainm cleiteDimas-Alang
Laón Laán
Laón Laang Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis, an Tagálaigis, an Ghearmáinis, an Fhraincis agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalLaoch an náisiúin Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJosephine Bracken Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFrancisco Mercado  agus Teodora Alonzo
SiblínPaciano Rizal, Trinidad Rizal agus Saturnina Hidalgo
Duine muintearthaDelfina Herbosa de Natividad (neacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh iéirí amach
ceannairc
comhcheilg le coir a dhéanamh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Find a Grave: 9635 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Tagálaigise, úrscéalaí, dochtúir súl agus náisiúnaí ab ea José Protacio Rizal Mercado y Alonso Realonda a rugadh ar an 19 Meitheamh 1861 agus a fuair bás ar an 30 Nollaig 1896. Cuireadh chun báis é mar mhairtíreach do chúis neamhspleáchais na nOileán Filipíneach.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

11 bliain d'aois

Rugadh Rizal sa bhliain 1861 i gCalamba, cúige Laguna in Oileán Luzon. Bhí saint i bhfoghlaim aige ó laethanta a chéad óige, agus ba í a mháthair a mhúin tús a léinn dó. Chuaigh sé ag staidéar sa scoil úd Ateneo Municipal de Manila sa bhliain 1972, áit ar ghearraigh sé a ainm go José Protacio Rizal, de réir mar a chomhairligh a dheartháir, Paciano.

Bhí míchlú áirithe ar Paciano toisc go raibh baint aige le triúr sagart a cuireadh chun báis roimhe sin mar thréatúirí, agus b'fhearr leis féachaint chuige nach gcuirfeadh an míchlú sin bac ar José.

Le tacaíocht rúnda ó Paciano chuaigh José ag staidéar míochaine sa Spáinn agus sa Ghearmáin. Nuair a d'fhág sé slán ag an nGearmáin, thug sé léacht faoi struchtúr a theanga dúchais, na Tagálaigise. Bhí Gearmáinis líofa tógtha aige idir an dá linn.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

16 bliain d'aois

Fear ileolach a bhí ann agus suim aige sna healaíona agus sa léann araon, agus d'fhoghlaim sé deich dteanga a léamh is a scríobh, ar a laghad. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann agus thosaigh sé ag scríobh an chéad úrscéal, Noli Me Tangere, nuair a bhí sé ag cur faoi sa Ghearmáin. Ba í an Spáinnis a theanga scríbhneoireachta ach is léir gur cuireadh Tagálaigis ar a chuid saothar go sciobtha. Is é is ábhar don chéad úrscéal ná an beag is fiú a rinne na coilínitheoirí Spáinneacha de mhuintir dhúchasach na nOileán. Lean sé leis an gcriticeoireacht shóisialta seo sa dara húrscéal, El filibusterismo.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

sa Spáinn an chead uair

Nuair a d'fhill sé ón Eoraip go dtí na hOileáin Fhilipíneacha, bhunaigh sé La Liga Filipina nó An Conradh Filipíneach, eagraíocht a bhí dírithe ar fheabhas a chur ar shaol na bhFilipíneach trí leasuithe síochánta. Bhí Rizal go mór mór in aghaidh foréigin agus ceannairceoireachta.

Ní raibh muinín ag na húdaráis as a dhearcadh frith-fhoréigneach, áfach. Scoir siad an eagraíocht go sciobtha, nó ba é an meas a bhí acu ar Rizal gur reibiliúnach dainséarach a bhí ann, toisc go raibh a leithéidí d'úrscéalta scríofa aige.

Ní raibh cead ag Rizal fanacht sa phríomhchathair, agus díbríodh go Dapitan, Oileán Mindanao, é. Ansin dó bhunaigh sé scoil do bhuachaillí, cosúil, ar bhealach, le Scoil Éanna a bhí á reáchtáil ag an bPiarsach lena linn: bhí scoil Rizal dírithe ar oiliúint ilghnéitheach, idir theoiriciúil agus phraiticiúil. a thál ar na fir óga. Cuid de na buachaillí seo chuaigh siad le feirmeoireacht, ó bhí na scileanna acu ón scoil, agus cuid eile bhí páirt acu i gcúrsaí rialtais.

Sa bhliain 1896, d'éirigh an cumann rúnda úd Katipunan amach in aghaidh na n-údarás Spáinneach, agus bhí ina chogadh dearg sna hOileáin.

Faoin am sin bhí Rizal ag iarraidh Cúba a bhaint amach, nó bhí sé tar éis cead a bhaint amach le dochtúireacht a dhéanamh i gCúba, agus an fiabhras buí ag siúl ar mhuintir an oileáin sin san am. Ghabh na húdaráis Spáinneacha é, áfach, nuair a bhí sé sa Spáinn ag úmachan a thurais go Cúba. Bhí na húdaráis suite siúráilte go raibh lámh éigin aige sa reibiliún, agus cuireadh chun báis é i Manila ar an 30 Nollaig 1896.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

1896

Ba é an saothar deireanach a tháinig óna pheann mar scríbhneoir ná an dán úd El último adiós, "An Slán Deireanach" nó, níos fearr as Gaeilge, "An Focal Scoir". Mar is léir ón teideal, fágann an file slán ag a thír dhúchais agus ag a mhuintir agus an bás dosheachanta i ndán dó, ach ní thagraíonn sé oiread is uair amháin do na Spáinnigh, agus tá an dán féin scríofa ina dteanga siúd.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

José Rizal, Gent

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]