Josiah Wedgwood

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Potaire a saolaíodh i mBurslem Shasana ab ea Josiah Wedgwood (1730-1795). Faoi anáil samplaí ársa, d'fhionn sé cré-earraí dubha neamhghlónraithe basailt is earraí gorma, seaspair le dearthaí ardaithe bána freisin, atá cáiliúil fós. Thóg baile beag dá oibrithe chun a leas sóisialta a fheabhsú.