Joseph Louis Gay-Lussac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí is fisicí a rugadh i St Léonard na Fraince ab ea Joseph Louis Gay-Lussac (1778-1850). Chuaigh sé in airde i mbalúin arís is arís eile chun staidéar a dhéanamh ar an maighnéadas domhanda agus samplaí aeir ag airdí éagsúla a bhailiú len iad a anailísiú. Óna chuid taighde, dhíorthaigh sé dlí na dtoirteanna, a dtugtar dlí Gay-Lussac air, i 1808. Is é an dlí seo ná nuair a chuingríonn dhá ghás le chéile, cuingríonn siad de réir toirte ar aon dul lena gcuingriú de réir maise. Mar shampla, nuair a chuingríonn 1 g hidrigine le 8 g ocsaigine, faightear 9 g galuisce mar thoradh. Nuair a chuingríonn 2 m3 hidrigine le 1 m3 ocsaigine, is é 3 m3 galuisce an toradh. Uaidh seo, dhíorthaigh Avogadro coincheapanna na maise adamhaí, na maise móilíní, agus an mhóil.