José Eusebio Otalora

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosé Eusebio Otalora

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Meán Fómhair 1826
Fomeque, An Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Bealtaine 1884
57 bliana d'aois
Tocaima, An Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata
16 Uachtarán na Colóime
22 Nollaig 1882 – 1 Aibreán 1884
← Clímaco CalderónEzequiel Hurtado → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOur Lady of the Rosary University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir, polaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPartido Liberal Colombiano Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh Cathartha na Colóime 1859–1862

Polaiteoir agus ginearál Colómach ba ea José Eusebio Otalora (16 Meán Fómhair, 1826 - 8 Bealtaine, 1885). Rugadh i Fómeque, Cundinamarca é, ar an 16 Meán Fómhair 1826, agus cailleadh é ar an 8 Bealtaine 1885i i dTocaima,Cundinamarca. Bhí sé ina bhaill den Pháirtí Liobrálach (Partido Liberal Colombiano) agus sa bhreis ar sin a cheapadh ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe na Colóime sa bhliain 1882 mar go raibh sé ina secundo Designado Presidencial (nó an dara Uachtarán Ainmnithe) tar éis bháis an Uachtaráin Francisco Javier Zaldúa, agus diúltú an primero Designado Presidencial Rafael Núñez an post a ghlacadh.

Ba mhac fear ghnó agus feirmeoir Bascach é agus a bhean Boyaca. Chaill an teaghlach a shealúchas i Miraflores (Boyacá) mar go raibh a athair ina ríogaí agus le sin bhí orthu dul ar deoraíocht go Fómeque.

Fuair sé a chuid foghlama ar an scoil agus ar an Ollcoil i mBogotá, agus bhain sé céim amach sa dlí ón Oillscoil Rosario (Universidad del Rosario), sa bhliain 1852. An uair sin, ghlac sé páirt i gcúrsaí polaitíochta, mar theachta cúigeach Bhogotá, ach d'éirigh sé as i gceann cúpla mí, nuair a chuaigh sé go Guateque san Athbhliain.