John Toland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An t-aon íomhá is eol a bheith ann de Toland

B'fhealsamh réasúnaíochta agus saorsmaointeoir é John Toland (30 Samhain, 1670 - 11 Márta, 1722) agus uaireanta ina aorthóir, a scríobh leabhair iomadúla agus paimfléid ar an bhfealsúnacht pholaitiúil agus reiligiúnach. Luath-nochtaigh sé fealsúnacht Ré na hEagnaíochta. Fuair sé oideachas sna hollscoileanna seo a leanas; Ollscoil Ghlascú, Ollscoil Dhún Éideann, Ollscoil Leiden agus Ollscoil Oxford, agus bhí tionchar ag fealsúnacht John Locke air.