John Sutter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Johann Augustus Sutter

Ceannródaí Eilvéiseach ( cé gur sa Ghearmáin a rugadh é ) ab ea Johann Augustus Sutter Uasal (28 Feabhra, 180318 Meitheamh, 1880) a raibh a ainm i mbéal an phobail, toisc an bhaint a bhí aige leis an bhFuadar Óir i gChalifornia agus le bunaíocht Dún Sutter (Sutter's Fort i mBéarla) an láithreán a bhéas sa deireadh ag Sacramento. Cuireadh tús leis an bhFuadar Óir ag Muileann Sutter, nuair a d'aimsigh James W. Marshall ór in aice le Muileann Sutter. Cé gur bhain Sutter clú amach mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i bhFuadar an Óir, go híorónta áfach, nuair a fuair sé bás, ní raibh morán maoine aige toisc gur theip ar a ghnóthaí fiontair, ach bhí rathúnas ar ghnóthaí an mhac ba shine leis, John Augustus Sutter Jr.

An áit ar saolaíodh John Sutter i Kandern, Baden-Württemberg, An Ghearmáin.