John Sealy Townsend

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Sealy Townsend

Fisicí a rugadh i nGaillimh ab ea John Sealy Townsend (7 Meitheamh 186816 Feabhra 1957). Agus é ag obair in Ollscoil Oxford, shaothraigh sé teoiric na n-imbhuailtí chun cur síos ar ianú móilíní trí imbhuailtí le hiain. D'fhoilsigh sé an leabhar mínithe The Theory of Ionisation of Gases by Collision (Teoiric Ianú Gás trí Imbhualadh, 1910) agus leabhair shuntasacha eile ar thonnta raidió (1943) is radaíocht leictreamaighnéadach (1951). Fuair sé bás in Oxford Shasana.