John Pascoe Fawkner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Pascoe Fawkner

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Deireadh Fómhair 1792
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Meán Fómhair 1869
76 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMelbourne General Cemetery (en) Aistrigh 37°47′15″S 144°57′58″E / 37.787606°S 144.966064°E / -37.787606; 144.966064 Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the Victorian Legislative Council (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, polaiteoir, duine den lucht gnó, dialannaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Find a Grave: 84457847 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é John Pascoe Fawkner (22 Deireadh Fómhair 1792 – 4 Meán Fómhair 1869) lonnaitheoir na hAstráile agus bunaitheoir chathair Melbourne (chomh maith le John Batman).

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh John Pascoe Fawkner i Cripplegate, Londain, sa bhliain 1792, mac John Fawkner agus a bhean chéile Hannah (née Pascoe). Seoladh a athair go dtí an Astráil mar príosúnach (fuair sé earraí goidte) agus é ach aon bhliain déag d’aois, agus chuaigh John óg leis. Shroich siad sa choilíneacht nua Bá Sullivan sa bhliain 1803, ach d’aistríodh leis na príosúnaigh eile iad go Van Dieman’s Land sa bhliain ina dhiaidh.

Fuair athair Fawkner a shaoirse, agus thosaigh sé comhlacht bháicéara. Nuair a bhí sé ina fhear óg, bhuail Fawkner le Eliza Cobb. D’aistraigh siad go Launceston sa bhliain 1819, agus le cead an gobharnóra George Arthur, phós siad ar 5 Nollaig, 1822. Bhunaigh siad bácús, comhlacht adhmaid, siopa leabhar, nuachtán (The Launceston Advertiser) sa bhliain 1829, plandlann agus úllord.

Melbourne[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Aibreáin 1835, cheannaigh Fawkner an bád Enterprize chun lonnaíocht oiriúnach a fháil i gceantar Bá Port Phillip. D’imigh Enterprize Launceston i mí Lúnasa 1835, ach bhí ar Fawkner fanacht mar gheall ar na creidiúnaithe. Chuaigh an Enterprize isteach an Abhainn Yarra ar 15 Lúnasa, agus thosaigh na lonnaitheorí a stór a thógáil agus an talamh a ghlanadh. Shroich teaghlach Fawkner i gceantar Port Phillip ar an Aoine, 16 Deireadh Fómhair 1835, ar an dara turas Enterprize.

Cailleadh é ar 4 Deireadh Fómhair, 1869 ar Shráid Smith, Collingwood.