John Milton Cage

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumadóir ceoil a rugadh i Los Angeles ab ea John Milton Cage (1912-1992). Bhain sé feidhm as leictreonaic agus an pianó ullmhaithe (an fhuaim díchumtha le réada a chuirtear isteach sa ghléas). Rinne sé tástálacha le tost agus ceol ádha, inar bhain úsáid as dísle chun codanna dá chuid cumadóireachta a shocrú.