John McGahern
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úrscéalaí iomráiteach de chuid na hÉireann ab ea é John McGahern (rugadh 12 Samhain 1934 agus déag 30 Márta 2006).
[athraigh] Saol
Saolaíodh é i mBaile Atha Cliath, ach chaith sé a óige i Aughawillan i gContae Liatroma go dtí gur shíothlaigh a mháthair, múinteoir bun scoile. Bhog an teaglach go Contae Ros Comáin agus chuaigh siad chun cónaí lena athair, rud a bhí tionchar mór aige ar a shaol agus go háirithe a shaothar. Cáileadh é mar mhúinteoir bun scoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus chaith sé tréimhse ag teagasc i Scoil Eoin Bhaiste i gCluain Tarbh sular gcuireadh iachall air éirí as a phost tar éis foilsiú The Dark dó, de dheasca go ndúradh go raibh baint ag an scéal le pornógrafaoícht. Chaith sé seal sna Ríocht Aontaithe sular fhill sé ar Chontae Liatroma, áit ar luí sé isteach go dúthrachtach leis an scríbhneoireacht.
Fuair sé bás de bharr ailse i mBaile Átha Cliath in aois 71 bliana dó agus adhlachadh é taobh lena mháthair ionmhaoin in Aughawillan.
[athraigh] Saothar
Urscéalta
- The Barracks (1963).
- The Dark (1965)
- The Leavetaking (1975)
- The Pornographer (1980)
- Amongst Women (1990).
- That They May Face the Rising Sun (2001).
Fíor Scéalta
- Memoir (2005).
Cnuasaí Gearrscéalta
- Nightlines (1970)
- Getting Through (1978)
- High Ground (1985)
- The Collected Stories (1992).
- Creatures of the Earth: New and Selected Stories (2006)
Dramaí
- Sinclair (1971) (raidio)
- Swallows (1975) (teilifís)
- The Rockingham Shoot (1987) (teilifís)
- The Power of Darkness (1991) (amharchlann)
Scannáin
- Amongst Women Gearrshraith teilifíse 1998.
- Korea Scannán 1995