John Logie Baird

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Busta John Logie Baird i mBaile Eilidh

Innealtóir is ceannródaí teilifíse a rugadh i mBaile Eilidh na hAlban ab ea John Logie Baird (14 Lúnasa 188814 Meitheamh 1946). Sa bhliain 1926 léirigh sé an chéad íomhá teilifíse, a chruthaigh sé le 30 líne is an bunscanadh déanta go meicniúil. Ag baint feidhm as a chóras, tharchuir an BBC íomhánna teilifíse den chéad uair i 1929 ar bhonn trialach. I 1936 tharchuir siad íomhánna 240 líne lena chóras meicniúil, agus íomhánna 405 líne le córas leictreonach ó chomhlacht Marconi-EMI. Toghadh an córas leictreonach don tseirbhís teilifíse sa Bhreatain i 1937. In Bexhill-on-Sea, Sussex, Sasana a fuair sé bás agus é 57 bliain d'aois.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]