John Kerr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh in Aird Rosain na hAlban ab ea John Kerr (1824-1907). Léirigh sé airíonna suntasacha an tsolais pholaraithe i réimsí maighnéadacha is leictreacha. In iarmhairt Kerr, a ainmníodh as, frithchaitear solas ionsaitheach atá polaraithe go plánach ag leictreamaighnéad, agus braitear go bhfuil an solas frithchaite polaraithe go héilipseach.