John Joly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí, geolaí is ceapadóir a rugadh i gCluain Bolg, Co. Uí bhFáilí, ab ea John Joly (1857-1933). Cheap sé raon ionstraimí saotharlainne i gcomhair mianreolaíochta, agus ba cheannródaí é i réimsí éagsúla, ina measc feidhmeanna na radaighníomhaíochta mar theiripe ar ailse, is grianghrafadóireacht dhaite.