John Hartson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Hartson

Is iar-imreoir peile gairmiúil é John Hartson (rugadh ar an 5 Aibreán,1975 é in Abertawe, an Bhreatain Bheag). D'imir sé le foirne mhóra ar nós Arsenal agus Celtic, agus d'fhoireann náisiúnta na Breataine Bige. Tá níos mó ná 50 cluiche imeartha aige don fhoireann seo. D'fhreastail sé ar scoil Bhreatnaise, Ysgol Gyfun Gwyr, agus is cainteoir Breatnaise é.

I mí Iúil 2009, nochtadh go bhfuil ailse air, agus tá cóir leighis á chur air fós.