John Harrison

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceapadóir is uaireolaí a rugadh i bhFoulby Shasana ab ea John Harrison (1693-1776). Faoi 1726 bhí clog tógtha aige le gaireas cúitimh chun earráidí de bharr athruithe san aeráid a cheartú. I 1713 chuir rialtas na Breataine duaiseanna ar fáil as bealaí chun an domhanfhad a dhéanamh amach go cruinn sa loingseoireacht, rud nach mbeadh indéanta gan cloig an-chruinne. Shaothraigh Harrison croiniméadar mara, rinneadh tástáil air ar aistear ó Shasana go dtí an Iamáice i 1761-1762, agus d'éirigh leis an domhanleithead a thomhas le míchruinneas níos lú ná 3.9 km. Tar éis tástálacha breise (1765-1773) bhuaigh sé an chéad duais.