John Diefenbaker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Diefenbaker
Diefmontreal.jpg

In oifig
21 Meitheamh 195722 Aibreán 1963
Réamhtheachtaí: Louis St. Laurent
Comharba: Lester Pearson

Dáta breithe 18 Meán Fómhair 1895
  Neustadt, Ontario, Ceanada
Dáta báis 16 Lúnasa 1979
  Ceanada
Páirtí Coimeádaigh Fhorásacha

Ba pholaiteoir é John George Diefenbaker (18 Meán Fómhair 189516 Lúnasa 1979). B'eisean an tríú Príomh-Aire dhéag ar Cheanada, agus é in san oifig sin ón 21 Meitheamh, 1957 go dtí an 22 Aibreán 1963. Rugadh in iardheisceart Ontario é sa bhliain 1895. Ansin, nuair a bhí sé in aois a ocht mbliana thug a theaghlach agaidh ar an iarthar, mar atá go dtí an chuid de Chríocha an Iarthuaiscirt a rinneadh cúige Saskatchewan de go gairid ina dhiaidh sin. Ba ansin a d’fhás sé aníos. Chuir sé suim sa pholaitíocht ó aois óg.

Rinneadh dlíodóir de i ndiaidh seirbhís míleata a dhéanamh sa Chéad Chogadh Domhanda. Chuaigh sé leis an bpolaitíocht freisin cé nach raibh ráth ar a chuid iarrachtaí gur bhain sé suíochán amach i dTeach na dTeachtaí in Ottawa sa bhliain 1940. Ball den Pháirtí Coimeádach Forásach (Progressive Conservative Party i mBéarla) a bhí ann.

D’éirigh leis dul i gceanas ar na Coimeádaigh Fhorásacha sa bhliain 1956 agus d’fhan sé sa phost sin ar feadh 11 bhliain. Sa bhliain 1957, fuair an páirtí an bua sa toghchán náisiúnta agus d'éirigh sé ina phríomh-aire ar an tír. D’fhan sé sa phost sin go dtí 1963.