John Davis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Loingseoir a rugadh i Sandridge Shasana ab ea John Davis (c 1550-1605). I 1585-1587 rinne sé 3 aistear san Artach ag iarraidh an Pasáiste Siar ó Thuaidh a aimsiú. Ar an aistear deireanach shroich sé domhanleithead 73° thuaidh, agus d'aimsigh an caolas idir an Ghraonlainn is Oileán Baffin, ar tugadh a ainm féin air níos déanaí.