John Bruton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Bruton

(2002) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Seán de Briotún
Beathaisnéis
Breith18 Bealtaine 1947
Dún Búinne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Feabhra 2024
76 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ambasadóir an Aontais Eorpaigh chun na Stát Aontaithe
24 Samhain 2004 – 31 Deireadh Fómhair 2009
← Günter Burghardt
Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 31 Deireadh Fómhair 2004
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Ceannaire an Fhreasúra
26 Meitheamh 1997 – 9 Feabhra 2001 – Micheál Ó Nuanáin →
10 Taoiseach
15 Nollaig 1994 – 26 Meitheamh 1997
← Ailbhe Mac RaghnaillParthalán Ó hEachthairn →
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Ceannaire Fhine Gael
21 Samhain 1990 – 9 Feabhra 2001
← Ailéin de DiúcMicheál Ó Nuanáin →
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

29 Eanáir 1990 – 11 Márta 1991
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
St. Dominic's College (en) Aistrigh
Coláiste Choill Chluana Gabhann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
AthairJoseph Bruton (en) Aistrigh
SiblínRichard Bruton
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjohnbruton.com Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Seán de BriotúnJohn BrutonTaoiseach na hÉireann (18 Bealtaine 1947 - 6 Feabhra 2024[1]).

Ceannaire Fhine Gael a bhí ann idir 1990 agus 2001, agus ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997, agus é i gceannas ar an gcomhrialtas idir Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Páirtí an Daonlathais Chlé, an "Comhrialtas Bhogha Ceatha"..

Roimhe sin, ba Aire é i rialtais na dTaoiseach Liam Mac Cosgair agus Gearóid Mac Gearailt. Chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais (idir 1981-1982 agus 1986-1987), agus bhí sé ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1983 agus 1986.[2]

Toghadh é mar Theachta Dála don chéad uair sa bhliain 1969 i ndáilcheantar na agus aththoghadh é ag gach olltoghchán go dtí gur éirigh sé as polaitíocht na hÉireann sa bhliain 2004. Bhí sé mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá idir 2004 agus 2009. Ba Leas-Uachtarán Pháirtí na bPobal Eorpach é freisin.

1981

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Bruton ar 18 Bealtaine 1947 agus tógadh é i dteaghlach rachmasach feirmeoireachta i nDún Búinne, Contae na Mí. Oileadh é i gColáiste Clongowes Wood.

Bhain Bruton céim BA amach san eacnamaíocht agus sa pholaitíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus glacadh leis mar abhcóide i 1972 (ach níor oibrigh sé sa ghairm sin riamh).

Toghadh chun na Dála den chéad uair é i ndáilcheantar na Mí i 1969.mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael. Ní raibh sé ach 22 bliain d'aois nuair a toghadh é.

Na 1970idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhúbláil Bruton a chuid vótaí sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1973 agus ceapadh é mar Rúnaí Parlaiminte don Aire Tionscail agus Trádála agus don Aire Oideachais. Bhí an bua ag an gComhrialtas Náisiúnta (Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre) san olltoghchán agus mhair an rialtas go dtí 1977.

Briseadh Fine Gael as oifig tar éis olltoghcháin 1977 agus ceapadh Bruton mar urlabhraí talmhaíochta. Níos déanaí, thug Garret Fitzgerald, ceannaire nua an pháirtí, ardú céime dó nuair a cheap sé é mar urlabhraí airgeadais. Thug sé óráid éifeachtach sa Dáil tar éis cáinaisnéise 1980. Bhí sé chun tosaigh i bhfeachtas Fhine Gael roimh olltoghchán 1981.

Na 1980idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig comhrialtas idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre isteach tar éis an olltoghcháin agus ceapadh Bruton mar Aire Airgeadais nuair nach raibh sé ach 34 bliain d'aois. Bhí ar an rialtas nua fáil réidh leis a ngeallúintí agus iad ag déileáil leis na deacrachtaí airgeadais a bhí ag an stáit.

Le linn a chéad thréimhse ina aire airgeadais, rinne Bruton agus an rialtas cinneadh conspóideach cáin bhreisluacha a ghearradh ar éadaí agus bróga, éadaí agus bróga páistí san áireamh. Theip ar an mbuiséad agus thit an rialtas as a chéile gan choinne ar an 27 Eanáir 1982 nuair a vótáil an TD neamhspleách sóisialach Jim Kemmy in aghaidh an bhuiséid.

Bhí an bua ag Fianna Fáil san olltoghchán a tharla i mí Feabhra 1982.

Bhí Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre istigh arís tar éis olltoghcháin eile i Mí na Samhna 1982. Tugadh an Roinn Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta do Bruton. Baineadh cuid dá chúraimí dó an bhliain dár gcionn (1983).

D'fhill sé go dtí an Roinn Airgeadais sa bhliain 1986 ach ní raibh seans aige cáinaisnéis a chur roimh an Dáil. D'aistarraing Páirtí an Lucht Oibre ón rialtas mar ní raibh na páirtithe ábalta cáinaisnéis a shocrú agus theip ar an rialtas.

Buaileadh Fine Gael go dona in olltoghchán 1987, D'éirigh Garret Fitzgerald as mar cheannaire díreach tar éis an toghcháin. Bhí Bruton, Alan Dukes agus Peter Barry san iomaíocht sa toghchán ceannaireachta. Bhí an bua ag de Dukes, fear ar an eite shóisialach dhaonlathach den pháirtí. (Bhí Bruton ar an eite Chríostaíoch Dhaonlathach). Níor éirigh rómhaith le Dukes agus bhí air éirí as mar cheannaire tar éis toraidh uafásaigh in olltoghchán uachtaránachta 1990. Ceapadh Bruton, leascheannaire an pháirtí, mar cheannaire gan teachta ag cur ina aghaidh. Ceapadh go láidreofaí an páirtí agus de Briotún mar cheannaire tar éis ceannaireachta mhírathúil de Dukes. Cuireadh a persona mar fhear na heite dheis agus mar fhear na tuaithe ina leith, áfach, go háirithe san meáin cumarsáide.

Ceannaire an pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh de Briotún ar an eite choimeádach d'Fhine Gael, ba é an chéad polasaí a chur sé chun cinn na go n-athrófaí an Bunreacht chun colscartha a cheadú.

Bhí giúmar frith-Fhianna Fáil sa tír le linn olltoghchán 1992. Chaill Fianna Fáil roinnt suíochán ach chaill Fine Gael suíocháin freisin. Bhí an toradh is fearr riamh ag Páirtí an Lucht Oibre le 33 shuíochán, i gcomparáid leis na 45 shuíochán a fuair Fine Gael. Bhí ionadh ar an bpobal nuair a bunaíodh comhrialtas idir an Lucht Oibre agus Fianna Fáil. Ba bhuille mór do Bruton agus d'Fhine Gael bheith fágtha sa bhfreasúra arís, Bhí Fine Gael ag titim i léig sna pobalbhreitheanna agus rinneadh iarracht an cheannaireacht a bhaint ó Bruton. Láidríodh de Briotún nuair a bhuaigh a páirtí dhá fhothoghchán agus nuair a d'éirigh go maith leis an bpáirtí ag an toghchán Eorpach 1994. D'imphléasc an rialtas níos déanaí sa bhliain 1994 agus bunaíodh Comhrialtas Bhogha Ceatha (Fine Gael, Lucht Oibre agus an Chlé Dhaonlathach) le Bruton mar Thaoiseach,

1996

Taoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an chéad duine a ceapadh ina Thaoiseach é i lár téarma Dála, gan aon olltoghchán. Ba é an chéad Taoiseach nach raibh go hiomlán ó thraidisiún Shinn Féin 1917-1922.

D'éirigh go maith le rialtas an Bhogha Ceatha agus d'éirigh go maith le Bruton mar Thaoiseach (i dtearmaí an fháis eacnamaíoch ar a laghad). D'oibrigh na trí pháirtí sa rialtas go maith lena chéile, d'ainneoin go raibh mórán cainte maidir le droch-chaidreamh idir Bruton agus Dick Spring, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.

Cúrsaí sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceadaíodh colscaradh in Éirinn in 1995;[3] d'éirigh leis an rialtas Bunreacht na hÉireann a athrú, más ar éigean é,

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig rialtas Bruton isteach ag tús ré an "Tíogair Ceiltigh". D'fhás geilleagar na hÉireann 2.7% sa bhliain 1993 ach d'fhás sé ar mheánráta ollmhór i rith téarma an Bhriotúnaigh mar Thaoiseach (1995  9.6%; 1996  7.4%; 1997 11%; 1998  8.8%; 1999 10.5%).[4]

D'éirigh go maith leis agus é i gceannas ar Uachtaránacht Éireannach an Aontais Eorpaigh sa bhliain 1996 agus chabhraigh sé le socrú an Chomhaontú Cobhsaíochta agus Fáis, a leag amach na paraiméadair maicreacnamaíocha do na tíortha a bhí páirteach san Euro.

An Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Bruton ina Thaoiseach nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge i 1995 agus dúirt sé ar an oíche oscailte gur le “gach duine againn an Ghaeilge” agus gur “seoid náisiúnta í”.

Ach ag an am céanna, cheap Bruton gur botún a bhí ann an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga náisiúnta an tSaorstáit mar gur cheap sé gur fhág a leithéid de pholasaí go dtuigfí d’aontachtaithe nár bhain an náisiún nua leo.

An Tuaisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Bruton go dlúth le traidisiún agus teagasc Sheáin Mhic Réamoinn agus bhí portráid de Mhac Réamoinn crochta aige in Oifig an Taoisigh le linn a thréimhse ann.

Chreid sé go láidir sa pholaitíocht bhunreachtúil agus cheap sé gur botún a bhí in Éirí Amach na Cásca agus sa chogadh a lean.

Thuill a chuid iarrachtaí leis an phobal aontachtach a mhealladh an leasainm ‘John Unionist’ dó.[5]

Bhí an próiseas síochána sa Tuaisceart go mór chun tosaigh i rith thaoiseacht Bruton. I mí Feabhra 1995 d'fhoilsigh Bruton agus John Major, príomh-aire na Breataine, an "Chreat-Cháipéis" Angla-Éireannach. Phlé an cáipéis conas a shocrófaí an comhchaidreamh idir Éire agus an Bhreatain. Cáineadh de Briotún as bheith ró-bháúil do na hAontachtóirí ach cháin Bruton rialtas na Breataine go géar freisin, go háirithe nuair a bhí drogall ar rialtas na Breataine déileáil le Sinn Féin i rith sos cogaidh an IRA (1994 - 1997).

Bhí caidreamh oibre sásúil idir Bruton agus Gearóid Mac Ádhaimh, ceannaire Shinn Féin ach tháinig strus ar an gcaidreamh sa bhliain 1996 nuair a chuir an tIRA deireadh leis an sos cogaidh nuair a phléasc buama ollmhór i gCanary Wharf i Londain.

2002

Chuaigh an caidreamh in olcas tar éis dúnmharaithe Garda Jerry McCabe i gContae Luimnigh agus tar éis pléisce eile i Manchain, Shasana. Cé gur cháin Bruton Sinn Féin go géar, níor chuir sé deireadh leis na cainteanna idir rialtas na hÉireann agus Sinn Féin. Mhol sé nach ligfí Sinn Féin isteach sna cainteanna idirpháirtí go dtí go raibh sos cogaidh i bhfeidhm arís, áfach.

Moladh Bruton go mór tar éis dó an RUC a cháineadh ó thaobh an cheada a thug siad do mhórshiúl de chuid an Oird Óráistigh tríd cheantar Náisiúnach. Dúirt sé nach raibh an RUC neamhchlaonta nó comhsheasmhach agus iad i mbun a gcuid dualgas. Chuir fearg an Bhriotúnaigh teannas ar an gcaidreamh idir an rialtas i mBaile Átha Cliath agus an rialtas ó Londain.

2006

Chuir an tIRA sos cogaidh nua ar bun go gairid tar éis an olltoghcháin 1997, a chuir deireadh le téarma an Bhriotúnaigh mar Thaoiseach.

Scannail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ar an tAire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide, Michael Lowry, éirí as oifig i mí na Samhna, 1996, nuair a scaoileadh amach gur íoc an fear gnó, Ben Dunne, as costas obair tógála ar a theach cónaithe. D'éirigh Lowry as Fine Gael tar éis nuair a d'fhógair Bruton nach mbeadh sé ina iarrthóir de chuid Fhine Gael ag an gcéad olltoghchán eile. D'éirigh an tAire Sóisear sa Roinn Airgeadais, Phil Hogan as oifig i Mí Feabhra 1995 tar éis dó eolas faoin gcáinaisnéis a scaoileadh amach go luath.

2011

Na 2000idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síleadh go mbeadh an bua ag an gcomhrialtas san olltoghchán sa bhliain 1997 ach, cé gur bhuaigh Fine Gael 9 suíochán sa bhreis, chaill Páirtí an Luch Oibre 16 shuíochán agus tháinig comhrialtas nua idir Fhianna Fail agus an Páirtí Daonlathach isteach.

Tháinig meath ar Fhine Gael agus an páirtí sa bhfreasúra arís. Thug an páirtí an bóthar do Bruton sa bhliain 2001 ach bhí tubaiste ag an bpáirtí in olltoghchán 2002 agus Micheál Ó Nuanáin i gceannas air.

Bhí Bruton i gcónaí go mór i bhfabhar lánpháirtiú na hEorpa agus roghnaíodh é mar cheann den dhá theachta parlaiminteach Éireannach do Choinbhinsiún na hEorpa a chuidigh le dréachtú Bhunreacht na hEorpa.

D'éirigh sé as mar Theachta Dála ar an 31 Deireadh Fómhair 2004 agus ceapadh é mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh chun Stáit Aontaithe Mheiriceá, ról a bhí aige go dtí 2009.

Fógraíodh ar 29 Deireadh Fómhair 2009 go raibh suim aige in Uachtaránacht na Comhairle Eorpach, post nua a bhí le cruthú tar éis cur i bhfeidhm Conradh Liospóin.

Is polaiteoir de chuid Fhine Gael é a dheartháir, Richard Bruton.

D'éag John Bruton in Ospidéal Príobháideach an Mater ar an 6 Feabhra 2024. 76 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé tinn le tamall.[5]

Bhí sé pósta le Finola Bruton agus bhí ceathrar clainne acu (a mhac Matthew, a n-iníonacha Juliana, Emily agus Mary-Elizabeth).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2024-02-06). "An t-iarThaoiseach John Bruton tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2024-02-10). "Na céadta i láthair ar shochraid an iarThaoisigh,John Bruton" (as ga). 
  3. "Fifteenth Amendment of the Constitution of Ireland" (as en) (2024-02-05). Wikipedia. 
  4. "World Bank Open Data". World Bank Open Data. Dáta rochtana: 2024-02-06.
  5. 5.0 5.1 "John Bruton, an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire ar Fhine Gael ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-06). Dáta rochtana: 2024-02-06.
  6. Oliver Coogan (2013). "Politics and war in Meath 1913-23 /". Meath County Council,.