John Boyle O'Reilly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Boyle O'Reilly sa bhliain 1866

File, úrscéalaí agus gníomhaí ar son na hÉireann ab ea é John Boyle O'Reilly (rugadh 28 Meitheamh 1844 agus d'éag 10 Lúnasa 1890).

De bharr ballraíocht i mBráithreachas na Poblachta gabhadh agus cuireadh sall go dtí an Astráil mar phríosúnach é. Tar éis eachtraí go leor d'éirigh leis éalú go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit ar chuir sé faoi i mBostún. Ba é duine de bhuíonn fíorbheag a d'éirigh leofa éalú as an Astráil.

Ag obair mar iriseoir dó leis an nuachtán The Pilot do scaip a cháil agus bhain sé cumhacht mhór amach i measc an phobail Éireannach i gcoitinne. Scríobh sé cuid mhaith leabhair idir filíocht, úrscéalta agus sleachta polaitiúla agus bhí tóir air mar léachtóir freisin.

Bhí a bhás conspóideach go leor ós rud é gur thóg sé piollairí le a chéile le hoíche mhaith chodlata a bheith aige ach dúradh go mb'fhéidir gur chuir sé lámh ina bhás féin. Ar ndóigh níorbh fhéidir é seo a chruthú nó a dhiúltú go dearfa.