John Boehner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Boehner

Is polaiteoir Meiriceánach é John Andrew Boehner (fuaimnithe /ˈbeɪnər/ [BAY-nər i gcóras fhoghraíochta Béarla Wikipedia]; rugadh 17 Eanáir, 1949). Ionadaí é de chuid an Pháirtí Phoblachtaigh i dTeach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an ochtú ceantar comhdhála in Ohio, atá suite idir Cincinnati agus Dayton. Ba cheannaire an Mhionlaigh sa Teach Ionadaithe é Boehner san 111ú Comhdháil (3 Eanáir 2009 - 3 Eanáir 2011). Toghadh é mar Cheann Comhairle an Tí ar an gcúigiú lá Mí Eanáir, 2011 nuair a cuireadh tús leis an 112ú Comhdháil.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh Boehner i Reading, Ohio do Mary Anne (née Hall) agus Earl Henry Boehner. Eisean an dara páiste de dháréag. Is de shliocht measctha Gearmánach Éireannach é. Tógadh i Cincinnati é agus d'fhreastail sé ar Cincinnati Moeller High School, ardscoil Chaitliceach. Bhain sé céim bhaitsiléara amach sa ghnó in Ollscoil Xavier in Cincinnati sa bhliain 1977.

Toghadh mar bhall de Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe é don chéad uair sa bhliain 1990. Nuair a thosaigh an téarma úd an bhliain ina dhiaidh sin, thug seisean agus seisear eile—Drong an tSeachtair a tugadh urthu—thug siad faoi seanbhunaíocht na Comhdhála a chroitheadh suas. Cuireadh deireadh ré le drochnósanna éagsúla ann ag an am. Maidir le polasaithe sóisialta agus eile, tógann Boehner seasamh coimeádach de ghnáth.

Sa bhliain 1973, phós John Boehner a bhean chéile, Debbie. Tá beirt iníonacha acu.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]