John Batman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rugadh John Batman ar 21 Eanáir 1801 in New South Wales agus cailleadh é ar 6 Bealtaine 1839. Bhí treallús ar leith ann, rud a thaispeáin sé mar fheirmeoir agus mar thrádalaí. Chaith sé tamall fada sa Tasmáin, áit a ndearna sé Bundúchasaigh a ghabháil nó a mharú. Bhí sé orthu siúd a bhunaigh Melbourne. Bhí sé de chlú air in Van Diemen’s Land (an Tasmáin) go raibh sé dea-chroíoch leis na Bundúchasaigh, ach tá sé maíte go raibh taobh eile ar a nádúr – “dishonesty, egotism and a desperate desire to succeed”.[1] Tá sé ina phearsa chonspóideach fós.

Van Diemen's Land[athraigh | edit source]

Tháinig William agus Mary Bat(e)man, a thuismitheoirí, le beirt páistí sa Ganges sa bhliain 1797. Bhí Willliam ina dhaoránach ach fuair sé cead oibre agus cónaithe (ticket-of-leave) agus chuir clós adhmaid ar bun i bParramatta. Cuireadh John, an dara mac, mar phrintíseach le gabha, in aois a shé bliana déag, ach crochadh a mháistir as gadaíocht tar éis do John cruthú ina choinne agus fuair an stócach obair ar fheirmeacha.[2]

Sa bhliain 1821 chuaigh John chun Van Diemen’s Land (an Tasmáin) le Henry, deartháir dó, agus chuaigh le grásaeireacht ar thalamh a fuair sé ar cíos. Faoin mbliain 1824 bhí sé in ann cur faoi ar thalamh in Kingston a bhronn an rialtas air, agus rinne aontíos le Eilís Ní Cheallacháin, bean óg as Contae an Chláir a bhain amach Van Diemen’s land sa bhliain 1821 ina daoránach in aois a seacht mbliana déag. Phós siad sa bhliain 1828.

Ba chuid suntais é Batman de bharr a ndearna sé mar thóraí meirleach, agus eisean a thug ar an gceithearnach coille Matthew Brady géilleadh.

Bundúchasaigh[athraigh | edit source]

Bhí cogadh ar siúl idir na Bundúchasaigh agus na coilínigh ag an am, agus bhí Batman páirteach san iarracht a rinneadh ar na Bundúchasaigh a thimpeallú agus a ghabháil. Bhailigh sé baicle thóraíochta (“roving party”) le chéile sa bhliain 1829 agus lorgairí Bundúchasacha ó Sydney san áireamh chun na Bundúchasaigh áitiúla (“who have been committing so many outrages”) a ghabháil ach bhí foréigean ag baint leis an obair. D’ionsaigh sé campa a raibh 60 nó 70 bean, fear agus páiste ann agus scaip a raibh ann. Maraíodh timpeall cúig dhuine dhéag acu agus rinne sé iarracht ar bhean le leanbh agus ar bheirt fhear ghortaithe a thabhairt ar ais chun a fheirme leis. Faoi dheireadh rinne sé an bheirt úd a lámhach (“found I could not get them on [and] I was obliged therefore to shoot them”).[3]

Bhí Batman páirteach sa chogadh i gcoinne Bhundúchasaigh an oirthuaiscirt ach bhí sé an-deacair teacht suas leo (“the Natives are more on their gard than ever”).[4] D’aithin sé go raibh mná an-ghann i measc na dtreibheanna sin toisc go raibh siad á bhfuadach ag sealgairí rónta ar oileáin Chaolas Bass agus gur mhór an chúis achrainn é. Sa bhliain 1830 bhí sé páirteach sa “Líne Dhubh” a raibh de chuspóir oifigiúil aici na Bundúchasaigh a locadh thoir ach ar thug daoine áirithe “cogadh díothaithe” air.[5]

Chuir Batman in iúl ó am go chéile go raibh bá aige leis na Bundúchasaigh - ‘that much injured and most unfortunate race’[6].

Port Phillip[athraigh | edit source]

Limistéar Phort Phillip sa bhliain 1839.
Melbourne, 1840: pictiúr le W. Liardet (1840)

Bhí rath ar Bhatman mar fheirmeoir, ach bhí a chuid talaimh rógharbh chun a bheith an-torthúil. Bhí a fhios aige faoin mbliain 1834 go raibh talamh méith le fáil ar an mór-roinn ag Port Phillip (Victoria) agus chuaigh sé i bpáirt le roinnt coilíneach eile mar Chompántas Phort Phillip. Bhí sé de chuspoir acu leathantas talún a shealbhú thall trí shocrú a dhéanamh leis na Bundúchasaigh. Is beag tacaíocht a fuair siad ón rialtas, ach chuaigh Batman anonn sa bhliain 1835 sa scúnar Rebecca chun sirtheoireacht a dhéanamh. Shíl sé go mbeadh suíomh Melbourne oiriúnach do shráidbhaile agus thug “Batmania” ar an gceantar.[7][8]

Rinne Batman socrú (mar a shíl sé) leis na Wurundjeri chun a gcuid talaimh a thógáil ar cíos go bliantúil ar an méid a leanas: dhá fhichead plaincéad, deich dtua is fiche, céad scian, deich siosúr is dhá fhichead, deich scáthán is dhá fhichead, dhá chéad ciarsúr, céad punt plúir agus sé léine. D’fhalsaigh sé sínithe na Wurundjeri ar na gníomhais.[9] Dúirt an Rialtas, áfach, gur leis an gCoróin an talamh, agus bhí coilínithe eile ag teacht i dtír, leithéidí John Pascoe Fawkner. Shíl Batman gurbh fhiú cuid den talamh a thabhairt d’fhuíoll Bhundúchasaigh Van Diemen’s Land.[10]

Ar dtús bhí rath ar an scéal. Bhí Kingston díolta ag Batman ar £10,000, agus chuir sé faoi ar Chnoc Batman i Melbourne, áit a raibh tréada aige. Bhí teach breá agus leabharlann aige, clann iníonacha air agus aon mhac amháin. Ach faoin mbliain 1835 bhí sé an-tinn, agus ní raibh an tsláinte go maith aige ina dhiaidh sin. Chuaigh sé i mbun trádála (bhí siopa aige) agus cheannaigh cuibhrinn talaimh dá chlann. Bhí sé de phríomhchúram air scolaíocht mhaith a thabhairt dá iníonacha, agus bhí Caroline Newcombe (a bheadh ina grásaeir í féin feasta) mar mháistreás tí acu.[11]

Bás Batman[athraigh | edit source]

I ndeireadh a shaoil bhí airíonacha na bolgaí Francaí le haithint ar Bhatman. Fágadh ina mhairtíneach é agus é tugtha don ól, cé go raibh sé in ann litreacha a scríobh nó a shíneáil chomh déanach leis an mbliain 1839. Faoin am sin bhí Eilís scartha uaidh agus aire á tabhairt dó ag giollaí Bundúchasacha ó New South Wales, fir a bhí ar fostú aige le fada. Fuair sé bás ar 6 Bealtaine 1839.[12]

Bhí a uacht casta agus as dáta, agus tharraing sí aighneas fada dlí nár fhág faic ag na hiníonacha ach a gcuid oideachais, cé go ndeachaigh sin ar sochar dóibh. Bádh a mhac sa bhliain 1845.

Chaill Batman an chuid is mó dár ghnóthaigh sé, ach d’éirigh leis baile mór a bhunú, cé go raibh na Wurundjeri féin thíos leis.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Campbell, lch 3
  2. Australian Dictionary of Biography: http://adbonline.anu.edu.au/biogs/A010066b.htm
  3. Campbell, lgh 31-32, Lawson, lch 53
  4. Campbell, lch 35
  5. Campbell, lch 46
  6. Australian Dictionary of Biography
  7. Bill Wannan, Australian folklore: a dictionary of lore, legends and popular allusions, Lansdowne, 1970, lch 42
  8. Alexander Wyclif Reed, Place names of Australia, Reed, 1973, lch 149
  9. Campbell, lch 3
  10. Australian Dictionary of Biography
  11. ibid.
  12. ibid.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Kenyon, A.S., ‘The Aboriginal Protectorate of Port Phillip’, Victorian Historical Magazine, imleabhar 12, uimh. 3, Márta 1928, lgh 134-71
  • Hopton, A.J., ‘A Pioneer of Two Colonies: John Pascoe Fawkner, 1792-1869’, Victorian Historical Magazine, imleabhar 30, uimh. 3, Aibreán 1960, lgh 103-69

Féach freisin[athraigh | edit source]