Johannes Hans Daniel Jensen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Hamburg na Gearmáine ab ea Johannes Hans Daniel Jensen (1907-1973). Rinne sé taighde bunúsach ar struchtúr sceallach na gcáithníní fonúicléacha i gcosúlacht ar struchtúr sceallach na leictreon san adamh. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic i 1963 le Maria Goeppert-Mayer is Eugene Wigner.