Johannes Brahms

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumadóir ceoil a rugadh i Hamburg na Gearmáine ab ea Johannes Brahms (1833-1897). D'oibrigh sé sa Vín ó 1853 ar aghaidh. I measc a shárshaothar tá 4 shiansa, dhá choinséartó pianó, coinséartó veidhlín, cuid mhaith ceol seomra is pianó, agus cuid mhaith amhrán. Is é an saothar córúil is cáiliúla léis Ein deutsches Requiem (Éagnairc Ghearmánach, 1869).