Joe Frazier

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Joe Frazier

Dornálaí Meiriceánach, a bhí ina churadh domhanda trom-mheáchain, ab ea Joseph William "Joe" Frazier. Rugadh é ar 12 Eanáir, 1944 agus d'éag ar 7 Samhain, 2011. Smokin' Joe an leasainm a bhí air.

Tháinig Frazier chun tosaigh mar throdaí den scoth sna 1960í déanacha, agus chloí sé Jerry Quarry, Oscar Bonavena, Buster Mathis, Eddie Machen, Doug Jones, George Chuvalo agus Jimmy Ellis go dtí gur bhuaigh sé an teideal domhanda trom-mheáchain sa bhliain 1970. Bhuaigh sé ar Muhammad Ali ar phointí sa "Troid den Aois" sa bhliain 1971. Chaill Frazier a theideal dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a leagadh amach é ag George Foreman. Tháinig sé ar ais, agus bhuail sé Joe Bugner, ach chaill sé an ath-cluiche in aghaidh Ali.