Jimmy Wales

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJimmy Wales

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Jimmy Donal Wales
7 Lúnasa 1966
57 bliana d'aois
Huntsville, Alabama Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin Guardian Media Group
27 Eanáir 2016 –
Chair of the Wikimedia Foundation Board of Trustees (en) Aistrigh
20 Meitheamh 2003 – 28 Deireadh Fómhair 2006 – Florence Devouard →
Founder's seat (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteJimbo Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnDíreiligiún
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Alabama (1986–)
Ollscoil Auburn (1983–1986)
Scoil Randolph (1979–1983)
Ollscoil Indiana Bloomington Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreSuíomh gréasáin, an tIdirlíon, Earraí grúpa, ciclipéid agus gnó
Gairmduine den lucht gnó, taighdeoir, cainteoir poiblí, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta, eolaí ríomhaireachta, fiontraí, Viciméideoir, blagálaí, ceannaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirFandom (en) Aistrigh (2004–)
Bomis (en) Aistrigh (1996–2004) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla Meiriceánach agus Béarla
Ghlac sé/sí páirt i
22 Bealtaine 2022Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2022
20 Eanáir 2020Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2020
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018
17 Eanáir 2017Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2017
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016
21 Eanáir 2015Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2015
22 Eanáir 2014Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014
Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2013 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéilePamela Green (1986–1993)
Christine Rohan (1997–2001)
Kate Garvey (2012–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Jimmy Wales (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinjimmywales.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2467065 Allocine: 544590 Rottentomatoes: celebrity/jimmy_wales Allmovie: p692031
Facebook: jimmywales Twitter: jimmy_wales Instagram: jimmy_wales LinkedIn: jimmy-wales-919a8b Youtube: UCEbFsO2sM_wjTn44YAgSrrg TED: jimmy_wales Cuir in eagar ar Wikidata
Jimmy Wales ag Comhdháil 2014 CeBIT agus é ag labhairt faoi Wikipedia Zero, clár a chuireann Wikipedia ar fáil saor in aisce i dtíortha an Deiscirt.

Fiontraí gnó agus comhbhunaitheoir Wikipedia, ciclipéid ar líne, is ea Jimmy Donal "Jimbo" Wales (a rugadh ar 7 Lúnasa 1966 i Huntsville, Alabama).[1]

Luathshaol agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Wales do Jimmy Wales, bainisteoir i siopa grósaera, agus do Doris Wales, múinteoir bunscoile i scoil phríobháideach a bhunaigh a máthair féin i Huntsville. Sa teach scoile úd, nach raibh ach aon tseomra amháin inti, a bhfuair Jimmy Wales óg agus an triúr eile den chlann a gcuid bunoideachais. Faoi aois a cheithre bliana, bhí léamh aige. Bhí an World Book Encyclopedia ceannaithe ag a mháthair ó fhear díolacháin, agus bhain Jimmy sult as a léamh. D'éirigh sé mar nós aige an Encyclopædia Britannica a léamh chomh maith. Nuair a bhí an t-ochtú bliain ar scoil críochnaithe aige, d'fhreastail sé ar an Randolph School, ardscoil i Huntsville inar ullmhaíodh na mic léinn don ollscolaíocht. Cé go raibh sé costasach orthu, chuir tuismitheoirí Jimmy Wales béim ón tús ar an oideachas.

Fuair Jimmy Wales céim bhaitsiléara in airgeadas ó Ollscoil Auburn, in Alabama. Lean sé ar aghaidh leis an airgeadas agus é páirteach i gcláracha dochtúireachta in Ollscoil Alabama agus Ollscoil Indiana. Fuair sé céim mháistir san airgeadas ó Ollscoil Alabama ach níor scríobh sé a thráchtas dochtúireachta ariamh.

Bomis agus Nupedia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1996, chuir Wales agus beirt pháirtí gnó comhlacht Idirlín ag obair darb ainm Bomis, cineál fáinne Idirlín dírithe ar na fir, a chuir fóraim agus suíomhanna eile siamsaíochta, spóirt, ficsin eolaíochta srl le fáil dóibh, grianghraif anghrácha san áireamh ar feadh tamaill. D'éirigh Wales as an bhfiontar sin sa bhliain 2006.

I mí Mhárta na bliana 2000 ag Bomis thosaigh Wales ag obair ar Nupedia, tionscadal ciclipéide i mBéarla, an t-ábhar ab ansa leis. Bhí Nupedia á scríobh ag saineolaithe agus iad ag obair ar bhunús breithnithe piaraí. Cheap Wales fear darb ainm Larry Singer mar phríomheagarthóir ar an gciclipéid; phléigh an bheirt acu cúrsaí fealsúnachta eatarthu féin. Ní raibh Nupedia ag dul chun cinn go maith, áfach, agus mhol Ken Kovitz, cláraitheoir agus cara le Singer, dóibh féidhm a bhaint as Wiki-Software le marbhántacht Nupedia a shárú.

D'éist siad lena chomhairle agus rinne siad vící den Nupedia. Vící teoranta a bhí ann mar, cé go raibh na hailt le bheith curtha le chéile ag cibé daoine ón taobh amuigh a bhí sásta bheith páirteach san obair—cosúil le Wikipedia an lae inniu—bhí na hailt chríochnaithe le dul faoi inniúchadh saineolaithe Nupedia (na ‘piaraí’ mar dhea) go fóill. Chuir an chuid ba mhó de na saineolaithe céanna an plean seo síos agus suas, áfach—ní raibh siad sásta bheith páirteach ann. Cúig lá ina dhiaidh sin, mar sin, ar an 15ú Eanáir 2001, d’fhoscail Wales an tionscadal don saol mór. An rud nach raibh ann ach deis thurgnamhach le maith a dhéanamh don Nupedia, bhí sé ina chiclipéid neamhspleách a bhaist Sanger ‘Wikipedia’ air.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]